Is banna rac-cheoil iad Counting Crows as Limistéar Bhá San Francisco, California i Meiriceá. Bunaíodh an banna i 1991 agus is iad Adam Duritz (amhránaí), David Bryson (giotáraí), Jim Bogios (drumadóir), Charlie Gillingham (méarchláraí), David Immerglück (ionstraimí), Millard Powers (dordghiotáraí) agus Dan Vickrey (giotáraí) baill an ghrúpa. Tháinig an-tóir ar Counting Crows i 1993 nuair a eisíodh a gcéad albam, August and Everything After. Glacadh go maith lena gcéad singil (Mr. Jones) agus dhíol an chéad albam seacht milliún cóip sna Stáit Aontaithe. Shroich an t-albam iarshaothar Recovering the Satellites uimhir a haon sna cairteacha Billboard 200 sna Stáit Aontaithe agus shroich sé uimhir a haon i roinnt tíortha eile fosta. Chomh maith leis sin, d’éirigh go maith leo lena n-albam eile fosta. I measc a gcuid amhráin cáiliúla tá Colorblind, Round Here, Rain King, A Long December, Mr. Jones agus leagan clúdaigh de Big Yellow Taxi le Joni Mitchell. Fuair an banna dhá ainmniúchán ag na Gradaim Grammy i 1994. Sa bhliain 2004, fuair Counting Crows ainmniúchán Gradam Acadaimh don singil Accidentally in Love, a bhí sa scannán Shrek 2. Tá níos mó ná 20 milliún albam díolta ag an banna ar fud an domhain agus tá cáil orthu as a léirithe beo dinimiciúla.
Developed by StudentB